Thursday, December 27, 2012

Gig den scoth aréir!


Míle buíochas le chuile dhuine a tháinig chun éisteacht linn Tí Mholly aréir, uair gur sheinn muid an deich n-amhrán nua mar chríoch ar an togra seo... rinne muid taifead ar an ngig freisin agus beidh muid á chur suas ina iomlán ar youtube agus ar an mblag seo go gairid.  Buíochas ó chroí freisin le Toner Quinn agus Tadhg MacDhonnagáin a bhí a seinnt linn ar an oíche agus le Tomás Mac Con Iomaire agus Róisín Ní Eadhra a bhí i mbun taifead fuaime agus físe.  Bhí an-oíche go deo againn agus bhris seisiún iontach amach théis an ghig.  For posterity sake, mar a déarfá, b'é an set list ná:

Feamainn agus Bainne Géar
Purgadóir
Craith 's ag Cartadh
Torann i nGaza
Meiriceá
Tada Againn
Dumhach na Leanbh
Ór
A Ghealach Bhréagach
Bradley

Saturday, December 22, 2012

A Ghealach Bhréagach: Dréacht Gharbh!

A Ghealach Bhréagach, thuas san aer
Dúirt tú liom go mbeinn chomh saibhir leis an spéir
Go bhfaighinn málaí óir is airgid gan stró. ó ó ó...

A Ghealach Bhréagach, an chonúis bhréan
Chreid mé chuile ní a dúirt tú ós mo chionn
Ach chuir tú mearbhall orm is chas mé chuile threo óóó

Ná bí ag inseacht bhréaga dhom...

A Ghealach bhréagach, a mháistir dhian
Cur i gcéill a thagann uaitse ós mo chionn
Tá mé caite anseo ar nós bochtán ar an mbóthar
Óóóóóó

Dréacht 1 Liricí Meiriceá

Tá mé ag dul ar ais arís ann
Go líonfaidh mise suas mo chroí thall
i Meiriceá, Meiriceá...
Is cuma liom céard a dhéanfaidh's mise ann
Má éiríonn liom, nó má chlisim
i Meiriceá, Meiriceá

An dtiocfá liom?

Ag siúl ar bheilbhit a bheas mé thall ann
Beidh cliú agus cáil ormsa ar ball ann
Meiriceá...
Ní aithreoidh mise uaimse tír ná trá ann
Is ní shilfinn deoir ó mo chroí go brách ann
i Meiriceá...

An dtiocfá liom?

Tiún oscailte:
Má thagann tú,
déanfaidh muid an teach seo leagan síos...
Má tagann tú athróidh muid an chrá go gáire arís...
Ní thiocfaidh lá aois orainn thall ann
Déanfaidh muid faoistin thall ann
Tiocfaidh glan ó chroí arís...

i Meiriceá...

Slán le Pointe agus Slán le Fionán
Slán le fuacht agus slán le beagán
Slán le crá, Slán le crá, Slán le crá...

Feic san aer thú a rialtóir bhradach
Chaith tú mo shaol sa amach ó chladach anonn go
Meiriceá Meiriceá.....

Breandán

Liricí do 'Ór' - Richie...

An bhfaca tú an bhean sin ag breathnu ort, ag breathnu ort
An bhfaca tú an bhean, bhfaca tú an bhean
Seacht lá le trí
Seachtainí séard a bhí, ar a hintinn aici,
Ar a hintinn aici,
Is maith léi ór... Is maith léi ór

Lasfadh sí do theachsa
Sí fíáin, sí folláin
Bí fáire ar a láimh, fáire ar a láimh,
Siúileann sí ar chrúib, 's meallfaidh sí thú le liúibh mar is maith léi ór, is maith léi ór,
Is maith léi ór, ór

(Droichead)
Ceann dona laethanta seo
Tiocfaidh sí i gcomharbacht ort
Más maith sin nó más olc
Ceann dona laethanta seo
Déanfaidh sí céard is gá chun a buille beag a fháil...
Is maith léi ór

Scaoil isteach an ghrian anois
Do láimh anois, do chroí arís
Mar is fearr léi Ór
Muid uilig ar nós ór
Is maith linne Ór
Is maith linne ór

Friday, December 21, 2012

Cartaigh's ag Craith... Breandán

Dhúisigh mé ar maidin sular éirigh an ghrian bhí mé
cartaigh's ag craith le pian
las mé suas gail go gcuirfinn plúch deataí trím bhí mé
cartaigh's ag craith le, ag craith le...
pian.
ghearr sioc na maidne tríd na súille i mo chinn bhí mé
cartaigh's ag craith le pian
shiúil mé go caladh nó go bhfaighinn ceann chruinn, bhí mé
cartaigh's ag craith le... ag craith le

ó na fada, fada fuar an lá
gan tada ann dhom ach crá
nach fada uaim an oíche...
wó ó ó...

thart ar mheánlae a cuireadh fios ar an draoi
bhí mé, cartadhs ag craith gan é...
d'ardaigh mo chroí agus chuaigh mo chloigeann ar strae,
bhí mé, cartaigh's ag craith le... ag craith..


Tada Againn... Liricí... Richie.

Aifeal fadó an lá
Braon eile ón mbuidéal
'S brón ar an mbás
Scaoil amach an uaigneas
Agus scaoil isteach an ghrá

Siopa eile dúnta 1,2,3
Tada istigh sa mbanc agam
I dtraipisí
Ach seod é méid atá againn
Scaoil amach ós ard

Solas i do shúile Oh oh oh
Pilliúr Leat sa mbaile (dm, am)
Solas i do shúile
Ach níl tada fágtha againn

Níl tada fágtha ach dul san arm
Plean ar bith i mo ghloic agam
Ach tiocfaidh an t-am
Ó a chailín fan liom is beidh muid slán

Ná labhair liomsa faoi do thodhchaí léamh,
Mar theastódh mírúilt chun do chroísa théamh
Póigín an bháis 's gan tada fágtha againn

Solas I do shúile x2

Thursday, December 20, 2012

Dumhach na Leanbh... liricí

Dumhach na Leanbh, báite ag mo bhraon.
An bhfágfaidh tú thíos mé?
Go ndéarfaidh mé paidir ós a cionn.
Go ndéarfaidh mé áiméan, go ndéarfaidh mé áiméan, go ndéarfaidh mé áiméan.
Go ndéanfaidh mé an talamh fuar seo a théamh
Go ndéanfaidh mé an taoille a chasadh i léig.
Go ndéarfaidh mé áiméan.

Dumhach na Leanbh.  Tuige ar fhág tú mé?
A chailín beag bídeach?  Sciobadh do bhéilín ó mo chléibh.
Anois déarfaidh mé áiméan.  déarfaidh mé áiméan.  Déarfaidh mé áiméan.
Déanfaidh mé an talamh fuar seo a théamh.
Déanfaidh mé an taoille a chasadh i léig...
Déarfaidh mé áiméan.

Ó, ó... ó ó... mo chailín beag sínte...
Ó ó, ó ó, gan ainm ar chloch nó bláth ós a cionn...
Ó ó, ó ó, nuair a thiocfaidhs an gheimhreadh...
Ó ó, ó ó, léifidh mé an sioc le mo chaoineadh...

Dumhach na Leanbh.  An chrois a chéasann mé.
Nach fada mo shaol sa, ó cuireadh mo ghrá beag thíos faoin gcré.
Déarfaidh mé áiméan, déarfaidh mé áiméan, déarfaidh mé,
Déanfaidh mé an talamh fuar seo a théamh,
Déanfaidh mé an taoille 'chasadh i léig.
Déarfaidh mé áiméan.

- Breandán

Torann i nGaza - Liricí

Seo an chéad cheann críochnaithe go h-iomlán agamsa a leaids... Richie.
Torann i nGaza

Is cuma linn faoin talamh
Is cuma linn faoin bhféar
Is cuma linn faoin tsaibhreas & ór

Tá solas sa spéir dhubh
Buamaí atá sa gcór
Éistigí tá gasúir ag silleadh deoir

Ahh, beidh torann i nGaza anocht
Ó cá bhfuil Shalom x 2

Níl fáil againn ar uisce
Ní thiteann an taoím le oíche
Agus fágann siad a lorg sa ngainimh mín

Is iad na botháin seo ár bpáláis
Go dtí go mbeidh muid saor
Ach dona cearta seo sea
Íocfaidh muid go daor

Ahh beidh torann i nGaza anocht
O cá bhfuil Shalom
Ahh beidh torann i nGaza anocht
Ar ár nglúine tá muid ag impí oraibh stop...

Athrú
Tá an spéir le roinnt againn beirt
Tá muid plúchtadh & gráin & buairt
A Thiarna déan trócaire, a mháthair bí slán
Ach ahh cá bhfuil Shalom

Críoch
Véarsa 1

Monday, December 17, 2012

Gearrliosta Bhreandáin...

Nuair a thosaigh mé ag díriú ar chúig cinn an duine chonaic mé go bhfuil 12tracker againn dháiríre... mar sin roghnaigh mé mo 6ú rogha ó chaon nduine againn... b'fhiú ar a laghad iad a thriáil amach sna cleachtaí...

Mo 5 rogha ó chuid Richie:
1. Torann i nGaza
2. Tada Againn
3. Titim le Chéile
4. Purgadóir
5. Ór
6:  (First sub:  Sin an Saol).

Mo 5 rogha ó mo chuid féin:

1. Craith 's ag Cartadh
2. Dumhach na Leanbh
3. Meiriceá
4. Gaoithe Chonamara
5. Feamainn agus Bainne Géar
6. (First Sub: A Ghealach Bhréagach)

Mo ghearrliosta sa (Richie)

Bren, PJ agus a phobal ar line.

(Ar dtus baire, ta me istigh i gceann dona caife idirlion sin agus nil me in ann fada a chuir ar fhocail anseo so maith dhom e sin) Seo hiad na hamhrain ata roghnaithe agamsa don ghig agus don albam le cunamh De. Ar dtus baire mo chuid fein;

Amhrain Richie

  1. Tada Againn
  2. Torann i nGaza
  3. Purgadoir
  4. Sin e an Saol 
  5. Titim le Cheile
Theis cuid mhaith cur agus cuiteamh im aigne fhein, seo hiad na cinn a shil me a bheadh go maith go chinn Bhreandan. Bhi me ag smaoiniu cen cinn a bheadh go maith le tionlacan PJ agus me fein agus ma bhionn aon cheoltoiri eile linn. 

Amhrain Bhreandain

  1. An Ghaelach Breagach
  2. Dumhach na Leanbh
  3. Craitheadh 's ag Cartadh
  4. Gaoithe Chonamara
  5. Meiricea
Anois agaibh, beidh se suimiuil bhur dtuairimi a fhail agus a fheiceail an raibh rogha s'agaibhse moran mar a cheile no eile. Le cunamh De, beidh roinnt tuairimi on bpobal againn chomh maith. Over and out go foill!!


Sunday, December 16, 2012

Ceann deireanach ó Richie... Síneadh ama ar an rogha!

Ceann deireanach te bruite ó Richie... i ngeall ar seo tabharfaidh muid síneadh ama go Céadaoin don phobal chun rogha de top 5 a dhéanamh... ach caithfidh mé féin agus na leaids rogha a dhéanamh amárach...

Saturday, December 15, 2012

Am díriú ar ghearrliosta...

Hup!  Tá sé anois in am againn díriú ar ghearrliosta.  
Roimh 8pm Dé Luain seo:
Richie:  Pioc top 5 ó do chuid féin agus top 5 ó mo chuidsa, déanfaidh mise amhlaidh.
PJ:  Pioc 5 cinn is fearr leatsa...
Oscailte:  tá an blag oscailte do dhaoine eile freisin chun rogha de na h-amhráin is fearr leo a dhéanamh chun comhairle a thabhairt dúinn faoi cén 10 n-amhrán ba chóir díriú air don gig/albam.


Maidir leis an ngig:  Tá oíche roghnaithe againn; Oíche Stiofáin, agus freisin ionad, ach ní féidir linn an t-ionad a ainmniú go fóill!

-Breandán

Thursday, December 13, 2012

Sin é an saol...

Ag fáil gar den deireadh anois a leaids... is gearr go mbeidh na cuid is fearr le roghnú...

Richie

Monday, December 10, 2012

Ór.


Seo traic nua ó Rís Loch Gorman!  Tá muid beagnach réidh don ghearrliosta a leaids...
Richie.

Saturday, December 8, 2012

Traic 13 & 14... Déarfaidh mé amárach é, Gealach Bhréagach



Chaith mé síos péire anocht... tar éis 'Déarfaidh mé amárach é' a thaifead cheap mé gur bhreathnaigh an solas taobh thiar dhíom cosúil le gealach mhór, ach gur gealach bhréagach a bhí ann... mar sin, tháinig an ditty beag eile seo chugam!

Friday, December 7, 2012

Feamainn agus Bainne Géar


Tá mé thar a bheith sásta leis an gceann seo... faraor nach raibh mé in ann ach 54 sec a speáint, tagann casadh ar an scéal agus sa bport féin... tá an tiún an-deadpan ach samhlaidh le beagán atmospherics é!  Seo na liricí iomlán...

Feamainn agus bainne géar, seo é a bhí againn aréir, ise ina gúna buí, mise i mo bhréidíní.
Deas linn a bheith bocht arís, anois agus muid ag teacht in aois, ag sclábhaíocht do mhorgáistí, mé féin agus mo bhréidíní.
Feamainn agus bainne géar, deas iad sin le cupán aeir, salann ar slám neantógaí, tá siad go maith don chroí.
Dúirt sí liom, a Sheáin a stór, tá mé i ngrá leatsa anois go mór, ach má fhanann tusa ar an dole, pósfaidh mise Josie Mór.
A Mhaggie ná bíodh tú mo chrá, tá mé cuartú chuile oíche gus lá, ach níl post ar bith anseo le fáil, i ngeall ar an dream sa dáil.
A Sheáin tá tú díomhaíon trí mhí, caite siar ag breathnú ar TV, faoi mo chosa 's faoi mo asnachaí, níos measa ná báirneachaí.
A Mhaggie níl tú féin ró mhaith, chuile phingin cruinnithe agam 's tú á chaith, tá na páistí tinn 's ag iompú buí, is tá mise fágtha in ísle brí.
A Sheáinín tá tú báite in ól, tá tú craite agus ag cailleadh feoil, cá'il an tairgead a d'íoc na dí - faighte ó mheaiteannaí.
A Mhaggie FUCK na baincéirí
A Sheáinín ná bí ag eascanaí
A Mhaggie dún do fuckin straois
A Sheáinín tá tú lag le h-aois
A Mhaggie tá tú ramhar is olc
A Sheáinín tá tú gránna is bocht
A Mhaggie chur tú amú mo shaol
A pháistí tá do dheaid gan chiall
A Mhaggie réitigh greim le n-ithe
A Sheáinín réitigh thú féin do ghreim
Feamainn agus bainne géar, seo é a bhí againn aréir.  Ise ina cótaí buí, mise i mo bhréidíní

- Breandán

Wednesday, December 5, 2012

Seachtain eile, ansin díreoidh muid ar ghearrliosta...

Tá muid ag bruith ar feadh beagnach coicíse anois agus tá aon traic déag sa bpota againn cheana féin... Go dtí seo bhí ós cionn 1500 íoslódáil ón mblag (sin gan muid féin san áireamh!).  Tá brón orainn nach bhfuil sé níos éasca ag daoine tuairimí a fhágáil ach tá muid buíoch do na daoine a rinne iarracht sin a dhéanamh.  Coinneoidh muid orainn ag bruith ar feadh seachtaine eile ach ní mhór dúinn tosaigh ag díriú ar deich traic a roghnú agus a fheabhsú ansin.  Beidh muid ag fógairt dáta agus ionad don choirmcheoil bheag i gceann lá nó dhó, agus freisin fógróidh muid na ceoltóirí eile a bheas i láthair chun amhráin dá gcuid féin a chasadh agus tacaíocht a thabhairt dhúinn chun an coirmcheoil a thaifead.  

Tuesday, December 4, 2012

Traic 11: Gaoithe Chonamara


Inis dhom an fhírinne, céard 'tú ag dul a dhéanamh, nuair a thiocfaidh's an lá.  Nuair a shéidfidh an ghaoth, Gaoth Chonamara, an rud(cleite?) amach as do lámh... nuair a shéidfidh sé trasna, soir, agus siar thar chlabhtaí ard... céard tú ag dul a dhéanamh, céard atá tú ag dul a dhéanamh... céard atá tú ag dul a rá?

Tá sé seo simplí go leor go dtí seo ach feicim an-potential ann mar ghrúp-amhrán maith... freisin, is féidir an téama a leathnú chun labhairt faoin dochar a dhéantar ar dhaoine théis go mbreitheann siad ró-ghar ar rudaí fánacha!

- Breandán

Monday, December 3, 2012

Traic 10: Vietnam

A dhaoine uaisle, seo chugaibh Traic: 10 - Vietnam. Amhrán faoi an chaoi ar mhothaigh na dreamanna uilig a bhí páirteach sa gcoimhlint sin agus an praiseach a fágadh ina dhiaidh sin. Cogadh a mhair blianta fada sular tháing Uncail Sam isteach. Bhain mé úsáid as Keyboard sa tús anseo, beagán difriúil.

Bígí i dteagmháil, Richie.

Sunday, December 2, 2012

Traic 9: Purgadóir

Hi lads, seo ceann a bhí mé ag obair ar cheana ach sílim go bhfuil sé críochnaithe agam anois. Seo sampla de. Amhrán faoi chaidrimh agus an chaoi amantaí nach mbíonn a fhios agat cá seasann tú, ní hamháin caidreamh idir daoine ach idir tíortha freisin, shilfeá gur i bPurgadóir a bhíonn tú!

Tá fhios agaibh an drill leis seo ó thaobh chords, nótaí agus drumaí ach má tá aon mholtaí, amach leo! Richie