Thursday, November 22, 2012

Cúlra...

Seo blag ceoil Gaeilge atá thar a bheith difiriúil ón gcuid eile... 
Is muide Rís, grúpa comhaimseartha Gaeilge ó Chonamara a chumann ceol nua, glan as an bpíosa.  Tá dhá albam curtha amach againn go dtí seo, Heileo Campello (2003) agus Fear Nár Mhair Ach Soicind (2010), agus neart gigeanna beaga déanta againn le tamaillín anuas.  Sa ngrúpa tá mé féin (Breandán Ó hEaghra), mo dheartháir Richie agus PJ MacDonncha.  Séard a bheas ar siúl againn sa mblag seo ná ag cruthú amhráin nua d'albam nua, á dtaifead go garbh ar iphone ar dtús agus á gcur suas ar an mblag seo fad agus go bhfuil muid ag obair orthu, agus ansin ag teacht le chéile ar feadh lá nó dhó sula ndéanfaidh muid iad a ghigeáil go acústach in ionad bheag éicínt faoi Nollaig.  Mar sin, níl againn ach mí amháin!  Tá giotaí de tiúnanna inár gcloigne, nó fiú roinnt liricí, ach níl aon amhrán críochnaithe go fóill, mar sin is ag obair go dall a bheas muid ar a chéile...!  Tá súil againn go leanfaidh sibh an próiséas agus go bhfágfaidh sibh pé trácht gur mian libh...
Breandán 

2 comments:

  1. Cá féidir linn éisteacht libh arlíne?

    Beir Bua

    Osgur

    ReplyDelete
  2. A Phrionsa Filip, is tusa an chéad duine, fair plé dhuit!
    Osgur: beidh muid ag cuir na h-amhráin suas ar an mblag seo go luath...

    ReplyDelete