Wednesday, December 5, 2012

Seachtain eile, ansin díreoidh muid ar ghearrliosta...

Tá muid ag bruith ar feadh beagnach coicíse anois agus tá aon traic déag sa bpota againn cheana féin... Go dtí seo bhí ós cionn 1500 íoslódáil ón mblag (sin gan muid féin san áireamh!).  Tá brón orainn nach bhfuil sé níos éasca ag daoine tuairimí a fhágáil ach tá muid buíoch do na daoine a rinne iarracht sin a dhéanamh.  Coinneoidh muid orainn ag bruith ar feadh seachtaine eile ach ní mhór dúinn tosaigh ag díriú ar deich traic a roghnú agus a fheabhsú ansin.  Beidh muid ag fógairt dáta agus ionad don choirmcheoil bheag i gceann lá nó dhó, agus freisin fógróidh muid na ceoltóirí eile a bheas i láthair chun amhráin dá gcuid féin a chasadh agus tacaíocht a thabhairt dhúinn chun an coirmcheoil a thaifead.  

2 comments:

  1. An-obair in imeacht gairid ama, spéisiúil ag éisteacht leis an stuif éagsúil agus ag iarraidh déanamh amach cén chuma a bheith orthú nuair a bheidh siad cóiríthe don banna.

    Ar aon nós, seo mo Top Five (unsolicited!):

    1. Dumhach na Leanbh
    2. Meiriceá
    3. Purgadóir
    4. Torann i nGaza
    5. Craith's ag cartadh

    Níl Guí Savita san áireamh agam mar go bhfuil mé ag fanacht le na tiúneanna nua.

    Fair play díobh, ag súil go mór iad a chloisteáil ar stáitse,
    Rónán

    PS Meastú nach rip-off den classic sin ó 1988, My Rag Doll, atá i Vietnam??!!

    PPS Má bhí Na Plandaí ann i dtosach, cé acu Wings nó Plastic Ono Band (nó an Richard Starkey All-Star Band) iad Rís?

    ReplyDelete
  2. Is maith liom tuairimí iriseoirí chumasacha agus ceoltóirí eile ar nós Rónán a chloisteáil. Agus, hands up, is cuimhin liom a bheith ag ól buideál caprí sun ag éisteacht leis na Plandaí ag cleachtadh lá amháin agus a rá liom fhéin, My Rag Doll sin, lá breá éicint, tá mé chun é ghoid. 30 pieces of silver...

    ReplyDelete