Sunday, January 6, 2013

Jab Déanta!

http://www.youtube.com/watch?v=ilaByZZFy3Q

D'éirigh linn!  Théis mí bheag oibre, ag cumadh agus ag blagáil anseo, chuir Rís ceolchoirm le chéile ar Oíche Stiofáin Tí Mholly in Indreabhán agus thaifead muid 10 n-amhrán nua a bheas anois ag dul suas ar Youtube - agus tá súil againn albam iomlán a thaifead taobh istigh de mhí nó dhó eile. Tá muid fíor bhuíoch do Róisín agus do Thomáis a rinne taifead dhúinn ar an oíche agus don uile dhuine a tháinig chun tacaíocht a thabhairt dhúinn.  Cuireadh go mór leis an ngrúpa ar an oíche nuair a chas Toner Quinn fidil agus Tadhg MacDhonnagáin bass linn - nár bhreá dá mbeadh a léithid le Rís i gcónaí!  Théis gur chas muid an seit uilig bhí amhráin ó Thadhg féin agus ó Ghearóid Ó Murchú, agus seisiún amhránaíochta agus ceoil ón iliomad duine - an-oíche go deo.

Seo an seit a chas muid ar an oíche:

Feamainn agus Bainne Géar
Purgadóir
Craith's ag Cartadh
Torann i nGaza
Meiriceá
Tada Againn
Dumhach na Leanbh
Ór
A Ghealach Bhréagach
Bradley...

Leanfaidh muid orainn leis an mblag seo nó go mbeidh an t-albam taifeadta... cuirfidh muid na h-amhráin suas de réir mar a bheas eagar orthu ar Youtube...

3 comments:

  1. Fair play dhaoibh leaids. Is iontach an éacht go deo a rinne sibh. Bhí na h-amhráin ar fad go maith, ach bhí corr 'gem' istigh ann. Cá bhfios cén ghaisce a dhéanfadh sibh le mí eile. Chuir Toner agus Tadhg an-pholish go deo ar an fhuaim; tá moladh mór ag dul dhóibh. Ní raibh an oiread de oiche agam fhéin le fada an lá idir ceoil, amhránaíocht, gáire, agus spraoi - oiche bríomhar, lasrach. Deireadh maith le 2012. Blian nua romhainn - as go brách libh!!

    ReplyDelete