Thursday, November 29, 2012

Traic 8... Meiriceá...


Ceann seo simplí go maith go dtí seo, ach b'fhéidir go bhfuil ábhar éicínt ann le n-oibriú air.  Cheapfainn go mbeadh sé go maith le grúp-amhránaíocht.  Tá sé ar an ceathrú fret, c, f, g, am.
Breandán

Tuesday, November 27, 2012

Traic 7... Guí Savita.


Tá súil agam go bhfuil sé seo ceart go leor, theastaigh uaim rud éicínt a dhéanamh in onóir na mná seo agus gach a chuaigh an clann tríd le gairid... bhí mé  idir dhá chomhairle an gcuirfinn a pictiúr suas mar sin ar deireadh níor chuir mé ach cuid dá h-éadan ann.
Bhí an tiún agam cheana ar amhrán a scríobh mé roinnt blianta ó shin i dteanga na Sacsain ach b'é an mothúchán céanna a bhí thríd sílim, an cinéal guí ban sin.  Thaitnigh an t-amhrán sin liom riamh (stay beautiful) agus bhí i gceist agam saol Gaeilge a thabhairt dhó so seo é! 
Tá sé thuas ar fret ard Richie, sílim ar an 7ú ceann... tá na chords sách simplí ansin- g, d, am, c agus em caite thríd.

Monday, November 26, 2012

Sunday, November 25, 2012

Traic 4... Tada Againn


Céard faoi seo leaids? - Richie

Dumhach na Leanbh...


Go leor oibre le déanamh air seo (agus brón orm faoin droch chaighdéan casadh!) ach tá rud éicínt cinnte ann... cheapfainn go mbeadh harmonies iontach sa gcúrfa.  Séard é Dumhach na Leanbh ná reilig beag do leanaí a fuair bás blianta fada ó shin agus gan uaigh ar bith orthu... tá sé lonnaithe in aice le tí chara liom, Simon Noble, cumadóir amhrán é féin atá pósta sa gceantar agus ag foghlaim Gaeilge anois (b'fhéidir go mbeadh sé in éineacht linn ar oíche an ghig)... tá sé seo ar an triú fret, le C, Em, F agus Dm...
Breandán

Saturday, November 24, 2012

Traic 2: Torann i nGaza...


Seo amhrán faoi Ghaza a leaids... ar nós an chuid eile agaibh cuireann sé múisc orm céárd atá ag tarlú thall ansin agus seo dréacht d'amhrán a thosaigh mé anocht - céard a cheapann sibh den slide suas an fret ar an dara bar?  Bhí mé ag cheapadh go bhféadadh PJ theacht isteach ar an dara véarsa le ubh shaker...  Siad na chords ná Am, Em, F, C, G - thuas ar fret 4.  
Cá bhfuil Shalom?
- Richie.

Friday, November 23, 2012

Craith 's ag cartadh...


An chéad cheann...
Níl mé cinnte faoi seo a leaids ach is chéad dréacht de rud éicínt é ar aon chuma... faoi dhuine le droch phóit!  Chas mé le seanchara liom an lá faoi dheireadh a bhfuil an t-ól caite in aer aige le deich mbliana anuas agus bhí sé ag caint faoi na seanlaethanta óna mbíodh sé ag éirí le droch phóit agus ag déanamh a bhealach síos chuig an bpub chun lá fada eile a chaitheamh ar an deoch...

Richie:  thuas ar fret ard agus na chords ná Am, Em, F, Gm, G agus C....
PJ céard a mholfá d'intro?

Liricí...

Dhúisigh mé ar maidin sular éirigh an ghrian, bhí mé ag craith is ag cartadh i bpian
Las mé suas gail go gcuirfinn plúch deataí trím bhí mé ag craith is ag cartadh i bpian
ó nach fada, fada fuar an lá, gan aon dheoch i mo chnámh, nach fada uainn an oíche...
óoóó....

Thursday, November 22, 2012

Cúlra...

Seo blag ceoil Gaeilge atá thar a bheith difiriúil ón gcuid eile... 
Is muide Rís, grúpa comhaimseartha Gaeilge ó Chonamara a chumann ceol nua, glan as an bpíosa.  Tá dhá albam curtha amach againn go dtí seo, Heileo Campello (2003) agus Fear Nár Mhair Ach Soicind (2010), agus neart gigeanna beaga déanta againn le tamaillín anuas.  Sa ngrúpa tá mé féin (Breandán Ó hEaghra), mo dheartháir Richie agus PJ MacDonncha.  Séard a bheas ar siúl againn sa mblag seo ná ag cruthú amhráin nua d'albam nua, á dtaifead go garbh ar iphone ar dtús agus á gcur suas ar an mblag seo fad agus go bhfuil muid ag obair orthu, agus ansin ag teacht le chéile ar feadh lá nó dhó sula ndéanfaidh muid iad a ghigeáil go acústach in ionad bheag éicínt faoi Nollaig.  Mar sin, níl againn ach mí amháin!  Tá giotaí de tiúnanna inár gcloigne, nó fiú roinnt liricí, ach níl aon amhrán críochnaithe go fóill, mar sin is ag obair go dall a bheas muid ar a chéile...!  Tá súil againn go leanfaidh sibh an próiséas agus go bhfágfaidh sibh pé trácht gur mian libh...
Breandán