Friday, November 23, 2012

Craith 's ag cartadh...


An chéad cheann...
Níl mé cinnte faoi seo a leaids ach is chéad dréacht de rud éicínt é ar aon chuma... faoi dhuine le droch phóit!  Chas mé le seanchara liom an lá faoi dheireadh a bhfuil an t-ól caite in aer aige le deich mbliana anuas agus bhí sé ag caint faoi na seanlaethanta óna mbíodh sé ag éirí le droch phóit agus ag déanamh a bhealach síos chuig an bpub chun lá fada eile a chaitheamh ar an deoch...

Richie:  thuas ar fret ard agus na chords ná Am, Em, F, Gm, G agus C....
PJ céard a mholfá d'intro?

Liricí...

Dhúisigh mé ar maidin sular éirigh an ghrian, bhí mé ag craith is ag cartadh i bpian
Las mé suas gail go gcuirfinn plúch deataí trím bhí mé ag craith is ag cartadh i bpian
ó nach fada, fada fuar an lá, gan aon dheoch i mo chnámh, nach fada uainn an oíche...
óoóó....

2 comments:

  1. An-deas a Bhreandáin! Tá tionchar George Harrison le cloisteáil anseo, d'ar liom....


    ReplyDelete
  2. Thanks Róisín... níl uaim ach an sitar anois!

    ReplyDelete